Ní mar a shíltear a bhítear. Is iomaí mí-thuiscint atá ag daoine ar cén saghas éadaí a bhí á gcaitheamh ag daoine anseo fadó. Tá liosta mór fada d’fháthanna leis sin agus ina measc is féidir linn an locht a chur ar Hollywood, na Sasanaigh, faisean, polaitíocht agus ár n-aeráid, dár ndóigh. Fiú leis na dúshláin sin, tá foinsí ar fáil chun tiacht ar eolas atá caillte le cuimhne na seacht sinsear. I léacht léargasach agus shuairc, beidh Tonaí Ó Roduibh ag dul i bhfad níos faide siar ná plé ar chultacha leipreachán, féillí beaga agus báiníní le cabhair ó shean-cháipéisí scríofa ag Gaeil agus ag Gaill agus ón seandálaíocht.

‘Item, that no man, nor man child, do wear no mantles in the streets, but cloaks or gowns… doublets and hose, shaped after the English fashion, of the country cloth or any other cloth [it] shall please them to buy. Item, that no man, woman, or child, do wear in their shirts or smocks, or any other garments, no saffron, nor have any more cloth in their shirts or smocks, but 5 standard ells of that country cloth.‘ Litir ón rí Sasanach Anraí VIII go Gaillimh.

Nasc chuig an léacht le Tonaí Ó Roduidh do Chumann Seandálaíochta Agus Staire na Gaillimhe (GAHS) i gcomhair le hInstitiúid de Mórdha (OÉG) ar an 29ú Márta 2021, 8 i.n. Leis an Ollamh Breandán Mac Suibhne mar chathaoirleach.