I measc scéalta béaloidis na Gaillimhe, tá cáil ar leith ar scéalta stairiúla a bhaineann leis na Loingsigh. Ba theaghlach iad a raibh an-tábhacht ag baint leo mar cheannaithe agus mar cheannairí na cathrach sa 15ú agus sa 16ú haois. Ceann de na scéalta sin ná eachtra inar shábháil moncaí, a bhí mar pheata ag an teaghlach, leanbh ó thine a réab trí Chaisleán na Loingseach ar Shráid na Siopaí. Insíodh an scéal céanna, a bheag nó a mhór, faoi oidhrí de chuid Iarlaí Chill Dara agus Iarlaí Dheasmhumhan, an dá phríomhchraobh de mhuintir Mhic Gearailt, a bhí ar na mórtheaghlaigh shean-Ghallda ba chumhachtaí in Éirinn sna meánaoiseanna. Baineann na leaganacha sin den scéal leis an 13ú agus an 14ú haois. Fiosrófar leaganacha éagsúla agus bunús an scéil sin, mar aon leis na cúiseanna go bhfuil sé le cloisteáil sa Ghaillimh, i bhfad ó thailte na nGearaltach.

Is as Corcaigh ó dhúchas do An Dr. Dónal Ó Catháin. Tá BA sa Ghearmáinis agus sa Ghaeilge aige ó Ollscoil na Gaillimhe, MA sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus PhD sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na Gaillimhe. An tráchtas a bhí aige ná ‘Gearaltaigh Dheasmhumhan mar phátrúin agus mar údair i réimse léann agus litríocht na Gaeilge’. Tá sé ag obair mar aistritheoir i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg ó 2016. Foilsíodh alt leis in iris staire Dhúiche Ealla, Dúchas, in 2022, dar teideal ‘Gofraidh Fionn Ó Dálaigh -‘Ard-Ollamh Ereann le Dán’’.

13ú Márta, 20:00/8i.n., Harbour Hotel, Gaillimh

Fáilte roimh chách.