Léacht (Luan 14ú Márta: Harbour Hotel ag 20:00/8i.n.)

Léargas ar an bpobal a mhair sa gceantar seo sa naoú haois déag ó thaobh cén uair ar tháinig siad ann, cé leis a raibh siad ag íoc cíosa, cén chaoi ar mhair siad ar muir is tír agus na hathruithe a bhí ag tarlú de réir mar a bhí an tréimhse sin ag dul ar aghaidh. 

As Tír an Fhia sna hOileáin í Áine Ní Chonghaile. Thosaigh sí a saol oibre ag teagasc agus ansin chuaigh siad leis an aistriúchán, ceird ar chaith sí an chuid ba mhó dá saol oibre.