Stair Ghluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta
Donncha Ó hÉallaithe: as Tiobrad Árannach ó thús ach tá cónaí air le os cionn 50 bliain i gCois Fharraige, Conamara. Chaith sé blianta ag múineadh Matamaite i RTC na Gaillimhe, nó an GMIT mar a tugadh air níos deireannaí. Bhí baint aige sna 1970aí le Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta agus leis an bhfeachtas chun Údarás na Gaeltachta a fháil bunaithe. Ina dhiaidh sin bhí sé ar dhuine den mheitheal, faoi stiúr Bob Quinn, a chuir Teilifís na Gaeltachta ar an aer, ag craoladh go bradach ó Ros Muc i 1987 as a d’eascair TnaG/TG4 i 1996. Is iomaí alt staire atá scríofa aige thar na blianta, ina measc sraith alt faoi Ghluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta, a foilsíodh san iris BISEACH. Chomh maith le sin tá altanna anailíse scríofa aige faoin meath atá ag teacht ar an nGaeilge mar theanga bheo phobail, bunaithe ar na torthaí daonáireamh faoi usáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sna pobail Ghaeltachta. Na laethanta seo tá sé gafa leis an bhfeachtas tithíochta, BÁNÚ, atá ag stocaireacht ar na húdaráis éagsúla le go gcuirfear feabhas ar an soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa gcuid bheag den Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar… Read the rest
Read more